An bhfuil scéala le hinsint agat? 

In 2018 agus 2019, chuireamar glaonna amach ar phobail a bhraith go raibh siad imeallaithe nó curtha ina dtost chun páirt a ghlacadh inár sraith forbartha 5×5. Fuaireamar líon ollmhór freagairtí agus ba mhór go mór againn é Stáitse na Péacóige a roinnt i bpáirt le deich dtionscadal pobail le dhá bhliain anuas.

Cúis bróid dúinn é a chur in iúl go mbeidh 5×5 ann arís in 2020, agus tacaíocht aige ó The Ireland Funds.

Arís eile táimid ag tabhairt cuireadh do shaoránaigh ó gach aon phobal smaoineamh nó tionscadal is mian leo a fhorbairt a chur ar aghaidh chugainn. Táimid ag iarraidh scéala a fháil uaibh – is mian linn bhur scéalta a chloisteáil.

An mbraitheann tú go bhfuil tearcionadaíocht ag do phobal ar stáitse na hÉireann?

An gceapann tú nár chuala eagraíochtaí náisiúnta bhur nglór?

An mian leat smaoineamh nua a fhorbairt a thabharfaidh éisteacht do do phobal?

An bhfuil scéala le hinsint agat?

Roghnóimid 5 cinn de na tionscadail sin agus déanfaimid luach 5 lá spáis a sholáthar duit, mar aon le cúnamh teicniúil agus €5,000 chun an tionscadal sin a chíoradh.

Reáchtálfar 5×5 2020 in imeacht na gcúig seachtaine seo a leanas:

  • 10 – 14 Feabhra 2020
  • 17 – 21 Feabhra 2020
  • 24 – 28 Feabhra 2020
  • 2 – 6 Márta 2020
  • 9 – 13 Márta 2020

Tá tacaíocht faighte ag 5×5 ó The Ireland Funds.

Conas iarratas a dhéanamh 

Aoine 29 Samhain 2019 ar 5pm an sprioc le haghaidh na n-iarratas.

Seolfaimid freagra ar gach iarratas faoi Aoine 20 Nollaig 2019.

Má tá ceisteanna nó aiseolas agat, téigh i dteagmháil linn ar fivebyfive@abbeytheatre.ie.