To read this page in English, click here.
An Clár
- Cuireann an clár foghlama ar chumas stiúrthóirí cur lena n-eolas ar stiúradh tríd an méid seo a leanas:
- Deis amháin, ar a laghad, a bheith ina Stiúrthóir Cúnta ar léiriúchán príomhstáitse in Amharclann na Mainistreach in 2024.
- Dianchúrsa forbartha gairmiúla lánaimseartha dhá sheachtain ón 19 Feabhra go dtí an 1 Márta 2024.
- Spás deisce bliana ag Amharclann na Mainistreach.
- Meantóireacht agus cruinnithe míosúla leis an Stiúrthóir Comhlach, Caroline Byrne.
- Seisiúin líonraithe le gairmithe Thionscal na hAmharclannaíochta agus le foireann Amharclann na Mainistreach.
- Cruinniú ráithiúil leis an Stiúrthóir Ealaíne, Caitríona McLaughlin.
- Seisiúin oiliúna agus forbartha leis an Stiúrthóir Gutha agus Téacs, Andrea Ainsworth, ag Amharclann na Mainistreach.
- 4 mháistir-rang stiúrthóirí idirnáisiúnta in 2024.
- Turas deireadh seachtaine amháin urraithe chuig Féile Amharclannaíochta Idirnáisiúnta.
- Ticéid le saothar a bheidh ar siúl ag Amharclann na Mainistreach a fheiceáil.
- Teacht ar reáchtáil laethúil na hamharclainne, seisiúin maidir le roghnú aisteoirí, margaíocht, léiriúchán, saothar liteartha agus nua san áireamh.
- Páirt a ghlacadh i gcruinnithe scripte gach sé seachtaine leis an mbainistíocht shinsearach agus le healaíontóirí comhlacha Amharclann na Mainistreach.
- Deiseanna chun fostaíocht agus íocaíocht a fháil as sleachta cleachta a léamh agus as tionscadail phobail.
Cuirfidh an socrúchán bliana seo san amharclann stipinn €12,000 ar fáil don chónaitheacht agus beidh sé lonnaithe ag Amharclann na Mainistreach. Is ionann é seo agus thart ar 60 lá d’fhorbairt ghairmiúil ag Amharclann na Mainistreach.
Tá an clár ceaptha chun tacú le stiúrthóirí a dteastaíonn uathu cur lena gcónaitheacht le hobair bhreise.
Caithfidh stiúrthóirí a bheith ar fáil le freastal ar dhianchúrsa dhá sheachtain chomh maith le máistir-ranganna agus gnáthchruinnithe scripte/cláreagraithe. Tá na dátaí agus an sceideal iomlán le deimhniú. Tá an-spéis againn iarratais a fháil ó ealaíontóirí ó phobail a ndearnadh tearcionadaíocht dóibh riamh anall in Amharclannaíocht na hÉireann.
Caithfidh na hiarratasóirí go léir a bheith ina gcónaí in Éirinn in 2024.
Conas iarratas a dhéanamh:
Líon an fhoirm iarratais seo thíos, le do thoil. Ní mór do gach iarratasóir an t-iarratas a líonadh go hiomlán – caithfear gach ceist a fhreagairt.
Má tá sé deacair ort na ceisteanna seo a fhreagairt san fhormáid thíos, glacfaimid le físeáin a sheolfaidh tú ina gcloítear leis an líon céanna focal. Cloígh, le do thoil, le 300 focal, ar a mhéid, do gach ceist.
Is é an spriocdháta d’iarratais meán lae, an 8 Samhain 2023. Cuirtear in iúl duit nach nglacfar le haon iarratais a gheofar i ndiaidh an spriocdháta seo.
Iarratasóirí agus an Próiseas Roghnúcháin
Cé ar Cheart Dóibh Cur Isteach air?
Deis atá anseo do stiúrthóirí luathghairme. Ba cheart go mbeadh ar a laghad trí shaothar stiúrtha agat ar bhonn gairmiúil, agus ba cheart go mbeadh sé d’uaillmhian agat rannchuidiú le saothair mhóra agus iad a chruthú.
Iarratas a Sheoladh, an Próiseas Roghnúcháin agus Dátaí Tábhachtacha
Déanfar gach iarratas a mheas mar chuid den phróiseas measúnaithe tosaigh, bunaithe ar na critéir roghnúcháin thíos.
Cuirfear iarrthóirí ar an ngearrliosta agus tabharfar faoi phróiseas agallaimh/ceardlainne.
Cuirfear na critéir roghnúcháin seo a leanas, anuas ar fhreagairtí ar an bhfoirm iarratais, i bhfeidhm le haghaidh gearrliostú:
● Éiteas ealaíne an iarratasóra
● Aschur ealaíne an iarratasóra go dtí seo
● Spéis an iarratasóra i bhfoghlaim agus an taithí atá acu ar fhoghlaim
D’fhéadfadh sé go dtabharfar cuireadh do roinnt stiúrthóirí freastal ar agallamh ar 27 Samhain.
Tabharfar fógra do na stiúrthóirí a roghnófar faoin 4 Nollaig.
Déanfar teagmháil le gach iarratasóir beag beann ar an toradh, ach ní féidir linn aiseolas ar bhonn aonair a sholáthar, mar sin féin.
Cuirfear tús oifigiúil leis an gcónaitheacht in Eanáir 2024.
Cuirtear in iúl duit go dtabharfar faoin bpróiseas agallaimh i mBéarla.
Teagmháil:
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le:
Aoife McCollum
Faigh an feidhmchlár anseo