Ceardlann do Scríbhneoirí le Inua Ellams 

Reáchtálfar an cheardlann ó Dé Máirt go dtí Déardaoin, an 24 – 26 Bealtaine, ó 2pm go dtí 6pm gach lá. Iarrfar ar na rannpháirtithe a roghnófar páirt a ghlacadh sa cheardlann in Amharclann na Mainistreach agus ní mór dóibh a bheith ar fáil do na trí lá go léir a bheidh an cheardlann ar siúl. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó áit ar bith ar oileán na hÉireann, ó scríbhneoirí féinaitheanta, ó dhrámadóirí agus ó scríbhneoirí aistí.

Roghnófar suas le 10 n-iarratasóir don cheardlann. Íocfar táille oinigh le gach scríbhneoir as páirt a ghlacadh sa cheardlann. Íocfar costais taistil agus chothabhála dóibh siúd a thagann as áiteanna eile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Líon isteach an fhoirm iarratais anseo agus cuir isteach sampla de chuid scríbhneoireachta ar aon leathanach amháin (1,000 focal ar a mhéad).

An spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé Máirt, an 10 Bealtaine, 12 meán lae. 

 

c. Oliver Holms

Rugadh Inua Ellams sa Nigéir in 1984. Ba Mhoslamach é a athair agus ba Chríostaí í a mháthair. Theith siad go léir go Sasana nuair a bhí Inua dhá bhliain déag d’aois. D’aistrigh sé go hÉirinn lena theaghlach ar feadh trí bliana. Bhí cónaí orthu ansin agus ba ann a chuaigh sé ar scoil. Is file, taibhealaíontóir, drámadóir, ealaíontóir grafach agus dearthóir é, agus is minic a scríobhann sé faoin saol a bhí aige agus é ag fás aníos, faoin taithí a bhí aige maidir leis an inimirce, agus beocht á chur aige i bhfocail le luas, rithim agus tuin.