Is mian linn scéala a fháil uait!

Scripteanna & Smaointe

Go raibh maith agat as cuairt a thabhairt orainn. Is breá linn go bhfuil tú anseo.

  • Script a chur chugainn
  • Smaoineamh a chur chugainn
  • Ár dtreoirlínte aighneachta
  • An áit inar féidir leat do chuid oibre a sheoladh isteach
  • An méid a tharlaíonn tar éis do chuid oibre a bheith faighte againn.

Chun an leathanach seo a léamh i mBearla, cliceáil anseo.

Más úsáideoir dúchais ISL nó BSL tú nó má tá riachtanais bhreise agat a fhágann go bhfuil sé deacair agat do chuid oibre a sheoladh isteach chugainn, déan teagmháil linn le do thoil ag: new.work@abbeytheatre.ie chun plé a dhéanamh ar an dóigh inar féidir linn cuidiú leat.

Do script a sheoladh chugainn

Tá dhá chúis againn le scripteanna a léamh; chun teacht ar shaothar a d’fhéadfaimis a léiriú agus chun aithne a chur ar scríbhneoirí a bhféadfaimid oibriú i bpáirt leo sa todhchai.

Léimid drámaí atá scríofa faoi ábhar ar bith: mar Amharclann Náisiúnta na hÉireann is spéis linn go háirithe saothar a labhraíonn leis an oileán seo i láthair na huaire. Ní hionann sin agus a rá go gcaithfidh sé a bheith suite anseo ná san am i láthair.

Tá léiriú déanta againn ar scripteanna a seoladh chugainn trínár gcóras aighneachta oscailte. Thairis sin, féadfaidh go leanfaidh sé as na caidrimh a fhorbraímid trí shaothar a léamh nó a fheiceáil go ndéanfaimid píosa nua oibre a choimisiúnú in imeacht aimsire fiú mura léirímid an chéad saothar a sheolann tú chugainn

Cad a tharlaíonn tar éis duit do script a sheoladh isteach?

Ach an saothar a bheith curtha faoinár mbráid, déanann ár bpainéal de dhaoine gairmiúla ó shaol na hamharclainne gach drama a léamh. Sa chéad léamh seo déantar gach drama a léamh ar dhóigh

nach eol don léitheoir cé a scríobh é, rud a chiallaíonn go bhfaighimid measúnú ionraic ar phoitéinseal agus fiúntas amharclainne an drama, chomh maith le hoiriúnacht an drama d’Amharclann na Mainistreach.

Tar éis do gach drama a bheith léite ag comhalta dár bpainéal, déantar é a bhreithniú tuilleadh laistigh den roinn. Breithneoimid, mar chuid dá chomhthéacs, a mhéid is díol spéise é an drama i leith an chuid eile dár gclár ábhair agus an dóigh ina bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar an drama ón dréacht seo. Ar an ábhar sin, tá sé ciallmhar dréacht a chur chugainn ar chaith tú tamall á bhreithniú, toisc nach mbeimud in ann an drama céanna a léamh arís.

Sa chás go gcinnimid gan do dharma a léiriú seolfaimid litir chugat ina mbeidh roinnt aiseolais faoi do script agus féadfaidh go molfaimid deiseanna eile duit, cibé acu in Amharclann na Mainuitreach nó in áit eile. Féadfaidh go dtógfaidh sé sin sé mhí orainn lena dhéanamh toisc go bhfaighimid breis agus trí chéad aighneacht sa bhliain agus tugaimid freagra ar gach ceann acu.

Do Smaoineamh a chur chugainn

Má tá smaoineamh agat nach dtug leat a chur chugainn mar script chríochnaithe féadfaidh tú, ainneoin sin, scéala a chur chugainn faoi.

Féadfaidh gur dráma é is mian leat a scríobh agus ar mhaith leat taighde a dhéanamh faoi, píosa amharclainne damhsa,. ócáid nó saothar idirdhisciplíneach ar dheacair braistint a fháil air mar script léi féin

Féadfaidh gur moladh é le haghaidh comhléiriú. Tá an próiseas chun smaoineamh a chur ar aghaidh gairid, d’aon turas. Táimid ag iarraidh braistint a fháil ar an ní a spreagann tú faoin tionscadal agus an fáth a bhfuil tacaíocht uainne ag teastáil uait chun é a bhaint amach. Déanfaimid an t-ábhar ar fad a sheolann tú chugainn a chur san áireamh chun teacht ar chinneadh.

Ba choir don smaoineamh a mholann tú na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt:

Cad é atá tú ag iarraidh a dhéanamh? (Uasmhéid 50 focal)

  • Cad is mian leat tarlú sa seó? (Uasmhéid 500 focal)
  • Conas is mian leat an seó a dhéanamh (Uasmhéid 100 focal faoi na modhanna ina dtabharfá faoin seó a dhéanamh)
  • Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh é a dhéanamh anois? Uasmhéid 100 focal faoin gcúis a bhfuil práinn leis an smaoineamh seo)

Féadfaidh naisc físe, nó fuaime a bheith ag ghabháil le do smaoineamh; íomhánna, sleachta as téacs nó ábhair thacaíochta eile.

Cad a tharlaíonn tar éis duit do smaoineamh a sheoladh isteach?

A luaithe a bhíonn ríomhphost seolta agat chugainn, logálfar do smaoineamh. Déanfaidh fhoireann ealaíne Amharclann na Mainistreach an t-ábhar ar fad a sheolann tú a bhreithniú ag ceann dár gcruinnihe ráithiúla. Gheodhaidh tú freagra ríomhphoist laistigh de shé mhí ó d’aighneacht a sheoladh chugainn.

Treoirlínte Aighneachta

Tagraíonn na treoirlínte aighneachta seo do scripteanna agus smaointe araon. Léigh go cúramach iad sula mbreithneoidh tú do chuid oibre a sheoladh isteach.

  • Inár gcáil mar Amharclann Náisiúnta na hÉireann táimid tiomanta do scripteanna agus smaointe a léamh ó scríbhneoirí agus ealaíontóirí a chónaíonn ar oileán na hÉireann nó scríbhneoirí agus ealaíontóirí Éireannacha a bhféadfadh cónaí a bheith orthu thar lear. De bharr líon na n-aighneachtaí a fhaighimid nílimid in ann saothar a léamh nach bhfuil ag teacht leis an tuairisc sin.
  • Nuair a sheolann tú d’aighneacht ar aghaidh inis dúinn sa ríomhphost beagáinín fút féin, an fáth ar dóigh leat go bhfeilfeadh do smaoineamh d’Amharclann na Mainistreach agus aon taithí atá agat (is cuma mura bhuil aon taithí agat!)
  • Glacaimid le gearrdhrámaí, ceoldrámaí éadroma, agus coigeartuithe ach nilimid in ann saothar i meáin eile nó atá beartaithe do mheáin eile a léamh nó atá beartaithe do mheáin seachas don amhharclann bheo. Ní léifear úrscéalta, gearrscéalta, drámaí scannáin, drámaí fuaime ná teileadhrámaí .

Níl glacadh ach le drámaí nó smaointe atá scríofa i nGaeilge nó I mBéarla .

  • I gcás scripteanna ní ghlacaimid ach le drámaí iomlána. Ní léifear sleachta.
  • Ar an drochuair, nílimid in ann athbhreithniú a dhéanamh ar smaoineamh nó script a cuireadh tríd an bpróiseas cheana féin.
  • Caithfidh do script a bheith clóscríofa go soiléir agus fiormáidithe; Níl glacadh againn le saothar lámhscríofa nó cruachóipeanna clóbhuailte.
  • Ní mór do script nó do smaoineamh a sheoladh in Word, PDF nó formáidí caighdeánacha eile amhail JPG i gcás grianghrafanna) mar cheangaltán,.
  • Ná cuir d’ainm ná do chuid faisnéise teagmhála ar an doiciméad scripte.
  • Níl glacadh againn ach le haon script nó smaoineamh amháin san uair,

An áit le do Script nó do smaoineamh a sheoladh

Sula seolfaidh tú d’fhaisnéis déan deimhin de go bhfuil na treoirlínte aighneachta léite go hiomlán agat, Chun do script a sheoladh chugainn ríomhphostáil script@abbeytheatre.ie le do thoil. Chun do smaoineamh a sheoladh chugainn ríomhphostáil ideas@abbeytheatre.ie le do thoil.

Go raibh maith agat as do shaothar a roinnt i bpáirt linn. Is mór againn do chuid ama agus do chuid cruthaitheachta.

Má tá aon ceisteanna agat faoin roinn Nua-Shaothair, cuir nóta chugainn ag new.work@abbeytheatre.ie

Más mian leat sinn a theacht agus do dhráma léirithe nó léamh réamhchleachta a fheiceáil scríobh chugainn ag new.work@abbeytheatre.ie agus beagán á insint dúinn fút féin, faoin dráma agus faoin bhforbairt atá déanta air. Is fioireann bheag sinn agus ní féidir linn gach aon rud a bhreathnú ach tiocfaimid más féidir linn.