Mar thoradh ar ár gcéad dhá bhliain mar Chomhstiúrthóirí, tá áthas orainn tráth athnuachana d’Amharclann Náisiúnta na hÉireann a chur i láthair, mar chuid de straitéis nua cúig bliana don eagraíocht.  Nuair a bhí leagáid Amharclann na Mainistreach á tabhairt chun solais, chuireamar ceisteanna maidir leis an áit ónar tháinig sí agus a bhfuil sí ag dul, agus d’fhiosraíomar cad nó cé dó nó di an amharclann inniu.

Trí sinn féin agus an domhan a scrúdú ar an mbealach seo, d’fhilleamar ar phrionsabail bhunaidh agus spreagadh bunúil Amharclann na Mainistreach. D’fhiosraíomar conas is féidir na luachanna seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs comhaimseartha agus radacachas, misneach agus spleodar bhunchlocha na hamharclainne, a ghabhann siar roimh an Stát. Mar chuid den phróiseas seo, seoladh Tionscadal Gregory in Amharclann na Mainistreach le déanaí. Is saothar nua oibre é a dhíríonn ar chúrsaí ealaíonta a dhéanann ceiliúradh ar leagáid cheannródaíoch Lady Gregory mar cheannaire ealaíonta, mar léiritheoir cróga agus mar thacadóir le glúin d’amharclannóirí.

Tabharfar an fiosrúchán seo faoi deara i dtosach ar lógó íocónach Amharclann na Mainistreach, a aithneoidh an lucht féachana ónár bhforhalla, ár dticéid agus ó rudaí eile. Tá an lógó sin tagtha chun cinn agus tá leagan nua de bunaithe ar bhunleagan Elinor Mary Monsell ó 1904, le léargas comhaimseartha ón ealaíontóir Steve Doogan. Seasann an Bhanríon Meadhbh mhiotaseolaíoch agus a cú faoil amach ón gceannlitir A, agus déanann an cú faoil an gunna mór a chosaint, faoi mar atáimid féin freagrach as a dhéanamh.

Sa mhullach air sin, tá a mbealach á dhéanamh go díograiseach ag an mBanríon agus ag an gcú faoil as an litir A le muinín agus le misneach, agus tá críocha nua á lorg acu, díreach cosúil leis na healaíontóirí a thugaimid le chéile le hamharclannaíocht a dhéanamh.

Taispeántar san aon íomhá amháin seo treo ár dtaistil: féachaimid chun cinn agus tá ár mbealach á dhéanamh againn, bíodh clár, próiseas nó beartas i gceist leis sin. Níl an méid atá ionainn féin á athrú againn, ach tá an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh dínn amach anseo á chur san áireamh againn.

Cuireadh an féilire Ceilteach in iúl dúinn tar éis dúinn súil a chaitheamh siar ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh. Spreag inspioráid a bhaint ó ré réamh-Chríostaí an oileáin seo sinn chun rudaí eile a fhiosrú seachas an bhraistint sin smachta agus srianta a bhí ann ar theacht na Críostaíochta, a rinneadh a bhunú go domhain ina dhiaidh sin i Stát nuaghinte na hÉireann agus ina chultúr.

Spreagann an féilire Ceilteach scéimeanna dathanna agus bealaí chun ár n-obair a eagrú freisin, agus úsáid á baint as téamaí siúd an iompair nó na hathnuachana. Trí mhachnamh a dhéanamh ar an mbealach seo ar ár stair Cheilteach, is féidir linn bogadh chun cinn agus an tsaoirse agus an fhéidearthacht á mbrath againn.

Cuirfear seo in iúl agus i bhfeidhm le himeacht ama in go leor den idirghníomhú a bheidh agat le hAmharclann na Mainistreach, bíodh sin san fhoirgneamh nó ar líne, os comhair an stáitse nó inár gcaifé nó ár mbeár, i measc ár bpóstaer, ár gclár agus ár n-earraí ar díol; sa bhealach a eagraímid cláir, conas a léirímid sinn féin agus conas a chuirimid Amharclann Náisiúnta na hÉireann i láthair.

Pé áit a dtagann tú air, tá súil againn go neartaíonn sé do cheangal leis an Amharclann Náisiúnta Scéalta, Smaointe, Ghleo, Ealaíontóirí, Chomhráite, Traidisiún – agus go ndéanfaidh sé agus go mbrisfidh sé na ceangail siúd; go neartóidh sé do cheangal le hAmharclann Náisiúnta na hÉireann.

Caitríona McLaughlin agus Mark O’Brien

Comhstiúrthóirí Amharclann na Mainistreach

Amharclann Náisiúnta na hÉireann

Gabhaimid buíochas leis an gComhairle Ealaíon agus leis an Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a dtacaíocht leanúnach.

Gabhaimid buíochas le aad agus wove as an obair a rinne siad ar bhranda Amharclann na Mainistreach agus a chuir straitéis Amharclann na Mainistreach a bheidh ag teacht aníos le chéile.