Inniu, fógraíonn Amharclann na Mainistreach 14 fhaighteoir na Sparánachtaí Comórtha, ag maoiniú saothar nua chun Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad a iniúchadh.

Tá na Sparánachtaí ainmnithe in ómós an cheathrair déag a maraíodh ag Páirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola, 1920, chun aitheantas a thabhairt dá saolta mar chuid ríthábhachtach de scéal na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Osclaíodh na hiarratais do na sparánachtaí i mí na Nollag 2020, agus bhí caighdeán agus raon na n-iarratas chomh maith sin gur chruthaigh Amharclann na Mainistreach dhá chineál breise tacaíochta chun cuidiú le forbairt 14 thionscadal eile. San iomlán, tá Amharclann na Mainistreach ag cur infheistíocht €166,000 ar fáil do 28 tionscadal arna spreagadh ag Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad, ag tacú le 35 ealaíontóir chun na smaointe seo a fhiosrú agus a fhorbairt.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Graham McLaren agus Neil Murray, “Tugann na Sparánachtaí Comórtha aitheantas don mhéid a bhfuilimid faoi chomaoin ag na glórtha seo sa stair, ar tugadh neamhaird orthu nó nár chualathas iad. De bharr cúrsaí sláinte poiblí sa bhliain seo a chuaigh thart, ciallaíonn sé go bhfuil na tionscadail seo a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad á bhforbairt anois i ndomhan athraithe agus tabharfaidh siad athchuairt ar an am atá caite ach beidh siad ábhartha don lá atá inniu ann. Fanaimid tiomanta do thacú le healaíontóirí mar a leanann an phaindéim shíorathraitheach seo ar aghaidh, agus táimid ag tnúth go mór leis an 28 tionscadal seo a fheiceáil ag forbairt agus á dtabhairt chun beatha amach anseo.”

Tá luach €10,000 an ceann ar na Sparánachtaí seo in onóir na ndaoine a cailleadh, agus beidh tacaíocht ar fáil thar thréimhse naoi mí. Is iad a leanas na faighteoirí: 

Ciara Elizabeth Smyth, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as James Teehan
Dráma maidir le radacú an réabhlóidí phoblachtánaigh Phrotastúnaigh, an Dr Dorothy Stopford Price, ag Coláiste na Tríonóide.

Kate Heffernan, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Jerome O’Leary
Dráma maidir le siblíní, caillteanas, agus scéal an chogaidh trí shúile páistí.

Conall Morrison, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as James Burke
Dráma maidir le Críochdheighilt, arna insint trí scéalta na ndaoine a bhí ag maireachtáil ar an dá thaobh den teorainn nua, ag an am.

Michael Patrick agus Oisín Kearney, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Michael Feery
Dráma maidir le Cath Bhéal Leice agus Phaiteagó (1922) ar theorainn na hÉireann, an comhrac míleata ba mhó idir fhórsaí na hÉireann agus na Breataine ó Éirí Amach na Cásca, agus an uair dheireanach ar throid na Fórsaí ar son agus in aghaidh an Chonartha le chéile, roimh Chogadh na gCarad.

Lynda Radley, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Perry Robinson
Dráma maidir le Loscadh Chorcaí, ag fiosrú fheachtas mífhaisnéise na Breataine agus na céimeanna cróga a thóg muintir na háite chun an fhírinne a thabhairt chun solais.

Raymond Scannell, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Jane Boyle
Dráma maidir leis an gcaidreamh scartha idir Muriel Murphy agus Máire MacSwiney Brugha (bean chéile agus an t-aon pháiste a bhí ag an stailceoir ocrais, Terence MacSwiney) tar éis Chogadh na gCarad. I gcomhar le Junk Ensemble.

Marc Mac Lochlainn agus Christian O’Reilly, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Billy Scott
(Léireofar an tionscadal seo i nGaeilge nó beidh baint mhór ag an nGaeilge leis)
Leagtar cliabháin air, bíonn páistí ag súgradh thíos faoi agus déanann teaghlaigh ceiliúradh thart timpeall air. Is é an bord croílár an bhaile. Sa dráma seo do lucht féachana óg, déanfar fiosrú ar streachailtí teaghlaigh atá scoilte ag cogadh cathartha.

Timmy Creed, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Tom Hogan
Taibhleiriú cois tine amuigh faoin spéir, áit a ndéanfaidh an lucht féachana cuimhneachán agus comóradh le tine dheasghnách agus scéalaíocht rannpháirtíochta, faoi spreagadh Loscadh Chorcaí.

Stephen Quinn, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as James Matthews
Píosa maidir le faisisteachas, homaighnéasacht agus aitheantas náisiúnta na hÉireann.

Dermot Bolger, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Daniel Carroll
Dráma maidir le neamhord strus iarthrámach agus tráma a bhí brúite faoi chois acu siúd a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad.

Aindrias de Staic, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Joe Traynor
Taibhléiriú maidir le Cúirteanna na Dála arna chur i láthair le ceol, rithim agus startha áitiúla.

Clare McMahon, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Patrick O’Dowd
Dráma maidir le bean tuaithe amháin, gar don teorainn, ar lá na Críochdheighilte.

Paul Keogan agus Tara Lynne O’Neill, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Thomas Ryan
Fiosrú físiúil agus téacsanna ar láithreacht, neamhláithreacht agus cuimhneamh, arna insint trí leabhair shínithe sheanmháthair Paul, Mary Keogan, ina bhfuil sínithe príosúnach poblachtánach i bPríosún Bhóthar Chromghlinne, Béal Feirste agus Campa Géibhinn Bhaile Coinnleora, Co. an Dúin.

James Riordan, ag glacadh leis an sparánacht ainmnithe as Michael Hogan
(Léireofar an tionscadal seo i nGaeilge nó beidh baint mhór ag an nGaeilge leis)
Stair fhoréigneach, pian phearsanta agus caoineadh traidisiúnta fite fuaite le chéile do thaibheoir aonair baineann amháin i léiriú guthach.

Gheobhaidh ceithre thionscadal eile tacaíocht ar luach €4,000 thar thréimhse sé mhí. Is iad seo a leanas iad: 

Dylan Quinn
Forbairt píosa amharclannaíochta damhsa a bhaineann leas as scéalta pearsanta, eispéiris agus scéalta mothúchánacha phobail na teorann. Ag féachaint ar eispéiris éagsúla saoil a d’eascair as iarmhairtí na Críochdheighilte.

Barbara Bergin
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo an creatlach a fhorbairt do dhráma a fhiosraíonn an chaoi ar glanadh mná ó shaol poiblí sa Saorstát toisc gur dhiúltaigh Cumann na mBan leis an gConradh, agus an díchuimhneamh náisiúnta a lean ina dhiaidh sin.

John O’Brien
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo píosa ceoldráma a fhorbairt maidir le saol inmheánach agus bás seachtrach Terence MacSwiney.

Ruairí Ó Donnabháin
Comhrá lenár stair agus lenár dtodhchaí trí thaighde ar Loscadh Chorcaí, 1920. (Féin)loisceadh, atógáil, díthógáil, freagairt ar thráma agus conradh sóisialta mar lionsa don lá atá inniu ann.

Gheobhaidh 10 dtionscadal eile maoiniú €1,000 agus tacaíocht ar feadh thréimhse trí mhí. Is iad seo a leanas iad: 

Barry John Kinsella (le Megan Kennedy)
Forbairt bhreise ar dhráma Barry maidir leis an mbabhta idir Churadh Domhanda Trom-Mheáchain Éadrom na Seineagáile, Battling Siki, agus an dornálaí Éireannach, Mike McTigue, i mBaile Átha Cliath i rith Chogadh na gCarad, Márta 1923, i gcomhar le Megan Kennedy.

Tracy Martin
Taighde chun an fócas ar leith a aimsiú le haghaidh insint dráma eile staire, ag athshamhlú áit na mban in Éirinn saor ó náire.

Fionnuala Gygax
Déanfaidh Fionnuala saothar ildisciplíneach a fhorbairt i nGaeilge, ag fiosrú stair chasta na teanga ón tréimhse stairiúil sin go dtí an lá atá inniu ann.

Lee Coffey
Taighde bhreise ar a dhráma maidir le baill Éireannacha Constáblacht Ríoga na hÉireann agus na Dúchrónaigh.

Emma O’Grady
Taighde bhreise ar chreatlach le haghaidh taibhléirithe, ag glacadh páirte i gceolchoirm chomórtha Chumann na mBan do cheannairí 1916 a cuireadh chun báis ag Príosún Chill Mhaighneann, an 24 Aibreán 1923.

Paul McMahon
Forbairt a dhráma maidir le lámhach na mbrathadóirí, ag déanamh comparáide le heachtra a tharla le linn óige a athar, nuair a b’éigean dó coileán ionúin a bhá.

Clare Monnelly agus Bob Kelly
Taighde agus forbairt a dhéanamh ar dhráma nua ag fiosrú an scéil maidir le bean chéasta a ligeadh síos ag gealltanais bhriste réabhlóid na hÉireann, ag díriú ar ghnéithe draíochtúla réalaíocha na gcreideamh i mbéaloideas na hÉireann.

Joanne Fitzgerald agus Lou Dunne
Taighde bhreise ar Agnes O’Farrelly, scríbhneoir, duine acadúil agus gníomhaí as an gCabhán atá ligthe i ndearmad; agus cuimhne chultúrtha agus stair ó bhéal á fhiosrú.

Shane O’Reilly
Taighde bhreise chun teacht ar chreatlach agus ar shnáitheanna ábhair dá thaighde ar Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus a scor.

John Morton agus Peter McGann
Taighde bhreise ar chreatlach agus ar fhócas a ndráma maidir le Coimisiún Béaloideasa Éireann.

Le haghaidh breis faisnéise ar na faighteoirí, féach ar na beathaisnéisí thíos.

Tacaíonn an 28 tionscadal seo le forbairt saothair nua a d’fhéadfadh Amharclann na Mainistreach agus an pobal i gcoitinne a thabhairt chun cinn, chun go mbeidh teagmháil ag lucht féachana le freagairtí saibhre agus éagsúla amharclannaíochta ar an tréimhse staire seo.

Beathaisnéisí 

Barbara Bergin
Fuair Barbara oiliúint ag Ionad Samuel Beckett, TCD. Bhuaigh sí Gradam Amharclannaíochta an Irish Times as a ról in Cell le Paula Meehan. I measc a saothair scríbhneoireachta tá an tsraith dhúghrinn teilifíse, On the Couch, an tsraith drámaíochta a bhuaigh gradam IFTA, Love Is The Drug, The Clinic agus léiriú Amharclann na Mainistreach, 14 Voices from The Bloodied Field.

Dermot Bolger
Is duine de na scríbhneoirí is aitheanta in Éirinn é an file, an drámadóir agus an t-úrscéalaí, Dermot Bolger. I measc na gceithre úrscéal déag dá chuid tá The Journey Home agus An Ark of Light. Fuair a chéad dráma, The Lament for Arthur Cleary, Gradam Samuel Beckett. Áirítear i measc a dhrámaí eile The Ballymun Trilogy, a dhéanann cur síos ar an saol sa bhruachbhaile lucht oibre sin. Is iad na drámaí is déanaí dá chuid a léiríodh ag Amharclann na Mainistreach Last Orders at the Dockside agus cóiriú ar Ulysses le Joyce. Tá naoi gcnuasach filíochta foilsithe aige, agus in 2012 ainmníodh é mar Thráchtaire na Bliana ag Gradaim Nuachtáin na hÉireann. Is ball d’Aosdána é.

Lee Coffey
Is scríbhneoir é Lee agus tá sé ina Stiúrthóir Ealaíne le Compántas Amharclannaíochta BLAL. I measc a seónna tá Leper + Chip, Murder of Crows agus In Our Veins. Ghlac sé páirt i gclár SEEDS de chuid Rough Magic, Clár Drámadóirí Nua an Lyric agus SITA an ITI. Tá sé faoi choimisiún faoi láthair ó Axis, Baile Munna agus Livin’ Dred. Tá a chlár teilifíse, Dead Professional, á fhorbairt faoi láthair.

Timmy Creed
Is aisteoir, scríbhneoir agus amharclannóir é Timmy Creed atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne faoi láthair. Fuair sé oiliúint mar aisteoir ag Scoil Drámaíochta Oxford. Tá suim aige i dtaibhléirithe a chruthú do lucht féachana nua agus leathan, ina mbíonn meascán de ghluaiseacht, faisnéis agus scéalaíocht. Chuaigh a chéad dráma, SPLICED, maidir lena shaol mar fhear CLG, ar camchuairt ar fud na tíre agus léiríodh ag Amharclann Traverse é le haghaidh Fhéile Imeallach Dhún Éideann in 2019. Oibríonn sé go dátheangach agus tá iniúchadh á dhéanamh aige do dhráma nua maidir le teanga agus an caidreamh atá againn lenár dteanga náisiúnta. Tá taibhléiriú á fhorbairt aige lena dheirfiúr maidir le gealtacht, cúram síciatrach agus staideanna difriúla na beatha.

Louise Dunne
Is céimí Máistreachta i nDearadh Stáitse ón Lir Academy í Louise Dunne. Fuair sí Céim B.Oid. le céadonóracha ó NCAD agus is dearthóir grafaicí í a bhíonn ag cleachtadh a ceirde. Ó 2014, d’oibrigh Louise le mórán grúpaí amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath i róil éagsúla, mar aisteoir, dearthóir, stiúrthóir agus léiritheoir.

Joanne Fitzgerald
Is scríbhneoir agus bainisteoir tionscadail as Baile Átha Cliath í Joanne Fitzgerald. Bhí a céad dráma lánfhada, Her Not Him, ar an liosta fada do Ghradam Bruntwood 2017 agus léiríodh ag Theatre503, Londain in 2018 é. Is céimí í den MFA i Scríobh Drámaí ag an Lir Academy, Baile Átha Cliath, áit ar bhuail sí lena comhoibrí, Louise Dunne.

Fionnuala Gygax
Is aisteoir agus amharclannóir í Fionnuala atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá sí tiomanta do shaothar uaillmhianach, comhaimseartha a chruthú, a bhaineann triail as foirm na hamharclannaíochta. Is duine de bhunaitheoirí an chompántais amharclannaíochta, Chaos Factory, í. Is é an saothar is déanaí a rinne sí ná Twenty Fifty mar chuid d’Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath, 2020.

Kate Heffernan
Is scríbhneoir agus ealaíontóir amharclannaíochta í Kate Heffernan atá lonnaithe i gCo. Laoise. Bhuaigh a céad dráma, In Dog Years I’m Dead (arna stiúradh ag Maisie Lee), Gradam Stewart Parker Trust don Drámadóir Atá ag Teacht Chun Cinn (Emerging Playwright) in 2013. Rinne The Ark a céad dráma do pháistí, Peat (arna stiúradh ag Tim Crouch), a choimisiúnú agus a léiriú in 2019. Is ealaíontóir cónaithe í Kate faoi láthair ag Ionad Ealaíon Dhún Masc, áit a bhfuil sí ag forbairt Town Hall Style, dráma le haghaidh Amharclann Óige Laoise.

Oisín Kearney
Is scríbheoir/stiúrthóir é Oisín Kearney, a ndéanann Curtis Brown ionadaíocht dó. I measc a saothair scríofa tá: The Alternative (Buaiteoir: A Play for Ireland, Stiúrthóir Is Fearr & Fuaimrian Is Fearr an ITTA. Ainmní: ITTA & ZeBBie, An Dráma Nua is Fearr); My Left Nut (dráma agus cóiriú BBC Three, Buaiteoir: Gradam RTS(TÉ)); Educating Rita agus logánú Shirley Valentine (Amharclann an Lyric). Eiseofar dhá thionscadal raidió BBC dá chuid i mbliana agus tá sé faoi choimisiún le Prime Cut Productions. I measc a shaothair stiúrtha tá: Come Closer (Summerhall), Lie Low (ReBOOT) agus My Left Nut (Pan Narrans & Prime Cut). Bhí sé mar Stiúrthóir Ealaíne Cónaithe in Amharclann an Lyric (2019-2020). I measc a shaothair scannánaíochta bhí sé mar léiritheoir cúnta ar 66 Days agus Elían (a ainmníodh le haghaidh Emmy agus a bhí ar liosta fada Oscar). Tá scannáin stiúrtha aige do BBC, De Correspondent/NPO2 agus Aljazeera, lena n-áirítear an scannán faisnéise lanfhada, Bojayá (Hot Docs Toronto).

Bob Kelly
Is aisteoir agus drámadóir é Bob Kelly a bhfuil saothar scríofa aige roimhe seo do Landmark Productions (Breakfast on Pluto), Compántas Amharclannaíochta Blue Raincoat (Tintown, The Rallying Call) agus an Hawk’s Well (The Big Wall). Tá mórán taithí aige mar thaibheoir stáitse agus i láthair na huaire, tá sé mar bhall de scéim an ITI, Six in the Attic.

Paul Keogan
Is dearthóir seite agus soilsithe don amharclannaíocht, don cheoldrámaíocht agus don damhsa é Paul Keogan as Baile Átha Cliath. Is é an dearadh is déanaí a rinne sé le haghaidh Amharclann na Mainistreach ná The Great Hunger, léiriú suíomhoiriúnaithe ar fhearann Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.

Barry John Kinsella
Bhain Barry John Kinsella céim amach ón Lir i mí Iúil 2018, agus i measc na ról a bhí aige bhí Bobby in Madhouse (Amharclann na Péacóige, Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Jay Gatsby in The Great Gatsby (Amharclann an Gheata) agus Tom in Skin Tight (Restless Ecstasy). I measc a shaothair ar scáileán bhí na scannáin lánfhada Lily (2019), The Sleep Experiment (2020), The Black Geulph (2021), Innocent 2 (ITV), an gearrscannán de chuid Fhís Éireann Hum, le Mo O’Connell, agus an gearrscannán de chuid NI Screen, Copy That, le Margaret McGoldrick. Chomhscríobh sé agus ghlac sé páirt sa ghearrscannán de chuid Fhís Éireann, Do I Know You?  le Rioghnach Ní Ghrioghair.

Marc Mac Lochlainn
Is é Marc Mac Lochlainn an stiúrthóir ealaíne feidhmiúcháin le Branar Téatar do Pháistí, compántas a bhunaigh sé in 2001. I gcomhar le buíon aisteoirí Branar, tá gach ceann den 20 seó nua atá léirithe ag Branar cruthaithe agus stiúrtha aige. Tá saothar Branar léirithe ar fud an domhain, agus is é an saothar is déanaí a chruthaigh agus a stiúir Marc ná Sruth na Teanga, eispéireas tumthach amharclannaíochta mórscála do pháistí, mar chuid de Ghaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa. Bhí sé ina scríbhneoir mar chuid de thionscadal na hAmharclannaíochta Baile (Éire) de chuid Draíocht in 2018. Bhí Branar agus Marc mar Ealaíontóir Amharclannaíochta Cónaithe i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach.

Tracy Martin
Agus í ina Scríbhneoir agus Stiúrthóir Ealáine le Red Bear Company, ainmníodh Tracy Martin don Dráma Nua is Fearr i nGradaim Amharclannaíochta an Irish Times in 2019 dá seó, Dublin Will Show You How. Sa bhreis air sin, bhí sí ar dhuine de na scríbhneoirí do léiriú Amharclann na Mainistreach, 14 Voices from the Bloodied Field. I measc a léirithe eile tá Wrapped, Harder Faster More agus Coast.

Peter McGann
Bíonn Peter ag scríobh agus ag stiúradh na hoíche amharclannaíochta raidió beo, Pulp Injection. I gcomhar le John Morton, scríobh sé The Hellfire Squad agus The Roaring Banshees. I gcomhar le Stephen Colfer agus Hannah Mamalis, scríobh sé Personal Space agus Personal Space Vol II. Bhí sé ag aisteoireacht ar stáitse in Starlet, Trial of the Centurys, agus 24 Hour Plays.

Clare McMahon
Is drámadóir agus aisteoir as Béal Feirste í Clare. Roghnaíodh a dráma nua The Gap Year don chéad Fhéile Ghaelach i Nua-Eabhrac ina gclár, Vital Voices. Ba é an dráma sin an chéad léiriú i gclár Amharclann an Lyric, Listen At The Lyric, 2020. Le déanaí, scríobh Clare Lily, an chéad scannán réaltachta fíorúla chun eispéireas 360 a chruthú de bheith ag maireachtáil le galar Alzheimer sna laethanta tosaigh. Díoladh amach camchuairt na chéad dráma a scríobh Clare, Shakespeare’s Women, ar fud Thuaisceart Éireann. Bhí sí mar chuid de Chlár Scríbhneoirí Drámaí an Lyric in 2019 agus bhí sí ar dhuine de na scríbhneoirí ar an ngearrliosta le haghaidh Play for Ireland le Fishamble. Bhain Clare céim amach leis an Lir Academy agus is í leath amháin de Commedia of Errors.

Paul McMahon
I measc na ndrámaí roimhe seo le Paul McMahon tá The Glasshouse agus The Blueprint. I measc na ngradam atá buaite aige tá Gradaim Idirnáisiúnta Filíochta Keats-Shelley agus The Moth, Gradam Eamon Keane um Scríobh Drámaí (gearrliosta), Gradam Bruntwood um Scríobh Drámaí (liosta fada), agus Dámhachtainí Sparánachta na Comhairle Ealaíon. Tá leabhar mangaire filíochta Paul, Bourdon, arna fhoilsiú ag Southword Editions. Foilsíodh a chuid filíochta in The Poetry Review, The Threepenny Review, agus i bhfoilseacháin eile.

Clare Monnelly
Is scríbhneoir agus aisteoir í Clare Monnelly a d’oibrigh le Druid, Amharclann na Mainistreach, an Geata, Livin’ Dred, Decadent, RTÉ, Sky One, TG4, Element Pictures, Deadpan Pictures agus go leor eile. Ainmníodh a cuid saothair le haghaidh trí Ghradam Amharclannaíochta an Irish Times agus Sparánacht Stewart Parker do Dhrámadóir Nua.

Conall Morrison
Is stiúrthóir agus scríbhneoir é Conall Morrison. Chomh maith le bheith bainteach le fada an lá le hAmharclann na Mainistreach – beidh an dráma seo leis an Sparánacht Chomórtha ar an tríochú tionscadal dá chuid le hAmharclann na Mainistreach – tá saothar stiúrtha aige don Royal Shakespeare Company, Globe Theatre, English National Opera, Landmark Productions, Fishamble: The New Play Company, Amharclann an Lyric, agus mórán de na príomhchompántais neamhspleácha amharclannaíochta. Le haghaidh Amharclann na Mainistreach, rinne sé The Great Hunger  a chomhstiúradh le déanaí le Caitríona McLaughlin ar fhearann an IMMA. Chomh maith le mórán drámaí nua, tá cóiriú déanta aige ar dhrámaí, lena n-áirítear Tarry Flynn, Antigone, Ghosts; rinne sé cóiriú ar shaothar Swift dá dhráma The Travels of Jonathan Swift, arna léiriú ag Compántas Amharclannaíochta Blue Raincoat.

John Morton
Tá drámaí scríofa ag John don stáitse: Denouement, Taboo, War Of Attrition, Scratcher, Smitten agus chomhscríobh sé The Hellfire Squad  agus The Roaring Banshees le Peter McGann. Chomh maith leis sin, scríobh sé an cóiriú ar úrscéal Thomas Kilroy, The Big Chapel le haghaidh Fhéile Ealaíon Chill Chainnigh.

John O’Brien
Is cumadóir, stiúrthóir ceoil agus stiúrthóir é John O’Brien a d’oibrigh ar bhreis agus 50 léiriú ceoldrámaíochta agus amharclannaíochta in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus i gCeanada, agus tá camchuairteanna déanta aige ar fud na hEorpa, na Seapáine agus na Síne. Tá cáil ar John as an stiúradh a rinne sé ar Faust, Der Vampyr, Orpheus, agus Pagliacci ag The Everyman. I measc na bpíosaí atá cumtha aige tá an ceoldráma The Nightingale and the Rose (Camchuairt na hÉireann, 2018) agus Easter 1916 – léirithe den chéad uair le Fiona Shaw agus Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ.

Ruairí Ó Donnabháin
Is gníomhaí teanga agus cóiréagrafaí é Ruairí Ó Donnabháin; tá sé ag tógáil uirlisí deasghnácha do threibh atá caillte. Tá damhsaí á ndéanamh ag Ó Donnabháin in Éirinn ó 2008. Tá Céim Mháistreachta aige sa Chóiréagrafaíocht ó Scoil Chéimithe DAS, Amstardam, agus tá céim BA le comhonóracha aige sa Drámaíocht agus sa Bhéarla ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Is as Contae Chorcaí é Ó Donnabháin, agus baineann a chleachtas cóiréagrafaíochta le ‘cleachtais aeistéitiúla an chúraim’. Tá sé ag cur faoi agus i mbun saothair ar Chléire, oileán iargúlta agus ceantar Gaeltachta amach ó chósta thiar theas Cho. Chorcaí, áit a mbíonn sé ag scrúdú na Gaeilge mar shuíomh seasmhachta aite agus ag cruthú comhshaothar nua ábharaíoch ‘san fhiántas’.

Emma O’Grady
Is ealaíontóir amharclannaíochta í Emma O’Grady atá lonnaithe i nGaillimh: aisteoir, scríbhneoir agus bainisteoir léirithe. Bíonn sí ag comhoibriú le daoine chun amharclannaíocht, scannánaíocht agus ealaín a chruthú atá faoi spreagadh fíor-imeachtaí, fíorshaolta agus startha comhroinnte. Tá sí rannpháirteach in FUEL le Druid agus fuair sí Sparánacht Amharclannaíochta ón gComhairle Ealaíon.

Tara Lynne O’Neill
Is aisteoir, scríbhneoir agus léiritheoir as Béal Feirste í Tara Lynne O’Neill. D’oibrigh sé le mórán compántas lena n-áirítear Tinderbox, Kabosh, Ouroborous, Prime Cut, an Lyric, an MAC, Amharclann an Gheata, agus Solas Nua, Washington. I measc a saothair scannánaíochta agus teilifíse tá drámaí do HBO, CBS, BBC agus le déanaí bhí sí le feiceáil in Derry Girls ar Channel 4. Mar scríbhneoir fuair sí coimisiúnaithe ó Brassneck, Kabosh agus an MAC. Cuireadh an léiriú dá dráma Rough Girls le haghaidh Amharclann an Lyric ar athlá in 2020 de bharr COVID-19. Díoladh amach seónna atá comhscríofa agus léirithe aici, On the Shelf agus Xmas for Dummies, agus léirigh sí Me Mum And Dusty Springfield don Grand Opera House, Béal Feirste.

Christian O’Reilly
Is scríbhneoir drámaí agus scripte é Christian. I measc a dhrámaí tá It Just Came Out (Druid Debut Series, 2001); THE GOOD FATHER (Druid – Féile Ealaíon na Gaillimhe 2002); Is This About Sex? (Rough Magic – Féile Imeallach Dhún Éideann 2007); Here We Are Again Still (Decadent/Comhairle Cathrach na Gaillimhe, 2009); Sanctuary (Blue Teapot – Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe 2012) agus Chapatti (Northlight/Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, 2014). I measc a shaothair ar scáileán tá na scannáin lánfhada Inside I’m Dancing (2004 – creidmheas ‘Story By’) agus Sanctuary (2016), ina raibh buíon aisteoirí a raibh míchumais intleachta orthu ó Chompántas Amharclannaíochta Blue Teapot.

Shane O’Reilly
Scríobh Shane windowpane le déanaí le haghaidh Amharclann na Mainistreach. I measc saothar scríofa eile tá; The Water Boys (Equinox Theatre), Näher…closer, nearer, sooner (comhchruthaithe le The Liz Roche Company) FOLLOW, FARM & CARE (comhchruthaithe le WillFredd Theatre). Chríochnaigh Shane dráma nua le déanaí do Chompántas Amharclannaíochta Barnstorm a léireofar den chéad uair in 2022.

Michael Patrick
Is aisteoir agus scríbhneoir as Béal Feirste é Michael Patrick. I measc a shaothar scríofa tá The Alternative (Ainmní: An Dráma Nua is Fearr, Gradam Amharclannaíochta an Irish Times agus Gradam ZeBBie); My Left Nut (Ainmní: Gradam Little Gem de chuid Bewley’s, Buaiteoir: Gradam Summerhall Lustrum) a ndearna sé cóiriú air go Sraith BBC Three (Buaiteoir: An Dráma is Fearr, Gradaim TÉ RTS), agus eiseofar Sraith BBC Radio Ulster agus dráma BBC Radio 4 dá chuid i mbliana. Tá sé faoi choimisiún faoi láthair le Prime Cut Productions. I measc a shaothair aisteoireachta tá The Royal Shakespeare Company, Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Lyric, NI Opera, Tinderbox, BBC Radio Ulster, BBC Radio Four, Game of Thrones, Krypton, Mythical Heroes le Bernard Dunne, Soft Border Patrol agus The Keeper.

Dylan Quinn
Is Cóiréagrafaí, Ealaíontóir Damhsa, Stiúrthóir Gluaiseachta agus éascaitheoir é Dylan. D’oibrigh sé go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar shaorealaíontóir agus mar Stiúrthóir Ealaíne le Dylan Quinn Dance Theatre, ag cruthú, ag léiriú agus ag cur saothar taibhléirithe agus rannpháirtíochta i láthair. Is gníomhaí pobail é Dylan a bhfuil taithí fhairsing aige bheith ag oibriú laistigh de chomhthéacsanna síochána agus coimhlinte.

Stephen Quinn
Is déantóir amharclannaíochta agus taibhléirithe é Stephen Quinn, a bhféachann a shaothar trí chailéideascóp aitheantas aiteach na nGael trí amharclannaíocht an cheoil; drag; buirlisc, amharclannaíocht fhisiceach agus cabaret eile. I measc a chuid saothair tá Faultline le Anu Productions (Amharclann an Gheata agus Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, 2019), Overfired (buaiteoir Ghradam Queer Fringe Outburst ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath, 2018) agus A 24 Decade History of Popular Music: The First Act le Taylor Mac, Comhalta MacArthur (LIFT, 2018, Barbican Theatre). Is é Stephen comhchruthaitheoir/óstach an imeachta phléascaigh aitigh taibhléirithe SPICEBAG, áit a mbíonn sé i mbun taibhléirithe ina alter ego, Stefan Fae.

Lynda Radley
Is drámadóir as Corcaigh í Lynda Radley. I measc saothar eile a rinne sí le hAmharclann na Mainistreach bhí 14 Voices from the Bloodied Field. Bhuaigh The Interference (Pepperdine Scotland) gradam Fringe First agus bhí sé ar an ngearrliosta le haghaidh an ghradaim, The Amnesty International Freedom of Expression. Bhuaigh Lynda gradam Fringe First freisin le haghaidh Futureproof  (Traverse Theatre i gcomhar le Dundee Rep). Bhí The Art of Swimming (Playgroup) ar an ngearrliosta le haghaidh gradaim Meyer Whitworth agus Total Theatre, agus chuaigh sé ar camchuairt idirnáisiúnta. I measc saothar amharclannaíochta eile tá The Mother Load, Christmas Tales (Amharclann Lyceum), Scenes for Survival (Amharclann Náisiúnta na hAlban), Berlin Love Tour, The Heights, Soap! agus Integrity (Playgroup).

James Riordan
Is déantóir amharclannaíochta idirdhisciplíní é James agus tá sé ina Stiúrthóir Ealaíne le Brú Theatre i nGaillimh. Bíonn sé ag obair go dátheangach i róil éagsúla agus bíonn sé i mbun comhshaothair go forleathan. I measc a shaothar scríofa tá a dhráma aonair Selvage – a ainmníodh le haghaidh dhá Ghradam Amharclannaíochta an Irish Times in 2019, lena n-áirítear an tAisteoir is Fearr – agus Gol, a léireofar níos déanaí i mbliana. Beidh Ar Ais Arís, léiriú de chuid Brú Theatre a rinneadh i gConamara, ina bhfuil cumasc den réaltacht fhíorúil agus litríocht na Gaeilge, ar camchuairt an samhradh seo. Tá sé mar Ealaíontóir Amharclannaíochta Cónaithe in Amharclann Halla an Bhaile, Gaillimh faoi láthair.

Ray Scannell
Is déantóir amharclannaíochta é Ray Scannell, a gcuimsíonn a chuid saothair scríbhneoireacht, taibhléiriú agus ceol. Léiríodh a dhráma is déanaí, The Bluffer’s Guide to Suburbia, den chéad uair in 2019 ag Féile Lár Samhraidh Chorcaí agus ba é sin an chéad dráma a scríobh sé le haghaidh Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh Deep (2013) an gradam, ‘An Taibheoir Fireann is Fearr’, ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath, agus chuaigh Mimic  (buaiteoir an ghradaim, ‘An Taibheoir Fireann is Fearr’, Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath, 2008) ar camchuairt náisiúnta agus idirnáisiúnta. I measc a shaothar fuaime/cumadóireachta tá Town is Dead (Amharclann na Mainistreach, Buaiteoir: An Chumadóireacht Deartha Fuaime is Fearr, Gradaim Amharclannaíochta an Irish Times 2016) agus Alice in Funderland (Compántas Amharclannaíochta thisispopbaby/Amharclann na Mainistreach, ainmnithe don Léiriú is Fearr ag Gradaim Amharclannaíochta an Irish Times 2012).

Ciara Elizabeth Smyth
Is drámadóir as Baile Átha Cliath í Ciara Elizabeth Smyth a bhfuil gradaim buaite aici. Léiríodh a cuid drámaí ag Amharclann na Mainistreach, Fishamble; The New Play Company, Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath, Ionad Ealaíon an Project agus Amharclann Bewley’s Café. I láthair na huaire, tá Ciara faoi choimisiún chun a céad dráma, All Honey (Gradam Scríbhneoireachta Nua Fishamble 2017), agus a dráma ó 2019, SAUCE, a chóiriú don teilifís, le Buccaneer Media agus Maia Pictures, faoi seach. Tá sí faoi choimisiún freisin le hAmharclann Óige Náisiúnta na hÉireann, Fishamble agus Chapter One Pictures. Ba í Ciara an drámadóir ar chlár SEEDS de chuid Rough Magic 2018-2020, faighteoir an ghradaim, An Chéad Ghlúin Eile 2020, agus déanann Curtis Brown ionadaíocht ar a son.

Aindrias de Staic
Is scéalaí den ghlúin nua é Aindrias a bhaineann leas as rithim, ceol agus cur i láthair nádúrtha drámata ina chuid saothair. D’fhoghlaim Aindrias a chumais scéalaíochta óna athair, nach maireann, Eddie Stack, scríbhneoir/scéalaí as Co. an Chláir, ach tá stíl uathúil fhuinniúil Aindrias faoi thionchar mór na háite inar tógadh é, gar do Ghaeltacht Mhaigh Eo. Leanann sé air bheith i mbun taighde ar scéalaíocht le pobail éagsúla áitiúla agus i mbun taibhléirithe go hidirnáisiúnta. Fuair a scéal ó bheál ‘The Man from Moogaga’ tacaíocht forbartha ón gComhairle Ealaíon, chuaigh sé ar camchuairt go forleathan sula ndearnadh é a chóiriú don raidió trí Newstalk, agus bhuaigh sé an Greann Raidió is Fearr 2018 ag Gradaim na Meán Ceilteach sa Ríocht Aontaithe.