Le fada an lá, tá spreagadh faighte ag mórán ealaíontóirí ó thírdhreach agus ó mhuintir Chonamara maidir le cé muid féin agus cé a d’fhéadfaimis a bheith – maoithneachas atá ag croílár na smaointeoireachta atá ag Stiúrthóir Ealaíne Amharclann na Mainistreach. Agus muid ag féachaint i dtreo na dtírdhreach agus na talún, tá Amharclann na Mainistreach agus Féile Ealaíon an Chlocháin tar éis teacht le chéile chun deis a thabhairt d’ealaíontóir tréimhse chónaitheach a chaitheamh chun taiscéaladh a dhéanamh ar thírdhreach atá ina ábhar spreagtha do dhrámaí, do dhánta, do shaothar ealaíne agus do scannáin le fada an lá. Mar a dúirt Yeats ina shaothar ‘Collected Works in Verse and Prose’: ‘but presently I convinced myself … that I should never go for the scenery of a poem to any country but my own, and I think that I shall hold to that conviction to the end.

Tabharfaidh an chónaitheacht seo deis d’ealaíontóir obair a dhéanamh ar a gcleachtas féin taobh le clár saincheaptha de chuairteanna chuig áiteanna tábhachtacha i gConamara agus sraith de chruinnithe le cleachtóirí ealaíon atá lonnaithe i gConamara. Déanfar an clár a shaincheapadh leis an ealaíontóir a roghnófar, agus a gcleachtas agus a riachtanais féin á gcur san áireamh. Cuirfidh Amharclann na Mainistreach agus Féile Ealaíon an Chlocháin a leanas ar fáil:

  • Cónaitheacht choicíse i gConamara.
  • Costais taistil.
  • Lóistín i lár bhaile an Chlocháin.
  • Íocaíocht sheachtainiúil €700.
  • Liúntas lae €33.

Na daoine ar féidir leo iarratas a chur isteach:

  • Tá an chónaitheacht ar oscailt d’ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta (scríbhneoirí drámaí/lucht déanta drámaí) atá lonnaithe in Éirinn.
  • Glacfar le hiarratais ó ealaíontóirí aonair amháin. Ní féidir linn glacadh le hiarratais ó ghrúpaí faoi láthair.
  • Ba cheart go mbeadh na healaíontóirí ar fáil le tabhairt faoin gcónaitheacht i Márta 2023, le haghaidh dhá sheachtain as a chéile.
  • Is iad na seachtainí atá molta don chónaitheacht ná 10 – 24 Márta 2023.

Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná 12pm, Dé Máirt, 7 Feabhra 2023. Cuir iarratas isteach anseo.

Déanfar gach iarratas a mheas mar chuid den phróiseas measúnaithe tosaigh bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach thíos. Seans go gcuirfear gearrliosta le chéile agus go ndéanfar daoine a chur faoi agallamh. Ní mór do gach iarratasóir an t-iarratas a chomhlánú go hiomlán. Glacfaidh Amharclann na Mainistreach le hiarratais físeáin nó fuaime i bhformáid .MP4. Má chuirtear iarratas isteach i bhfoirm físeáin nó fuaime, ní mór na ceisteanna atá leagtha amach san fhoirm iarratais a fhreagairt agus níor cheart go mbeadh an taifeadadh níos faide ná 5 nóiméad. Ba cheart iarratais físeáin agus fuaime a sheoladh chuig clara.purcell@abbeytheatre.ie agus ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála ríomhphoist agus gutháin an iarratasóra luaite ann.

Na Critéir Roghnúcháin:

  • Fiúntas ealaíne cruthaithe an iarratasóra, arna léiriú le samplaí saothair agus CV.
  • Oiriúnacht an ealaíontóra agus a chleachtais do chuspóirí na cónaitheachta.
  • Comhdheiseanna ar fud na hÉireann.
  • Tiomantas don Chomhionannas Inscne agus Éagsúlacht.