Abbey Begins 

Thar ocht seisiún, beidh rochtain ag deichniúr rannpháirtithe a roghnófar don bhabhta seo de Abbey Begins ar réimse teicnící, cleachtaí agus caidreamh le scríbhneoirí eile, a thabharfaidh spreagadh agus misneach dóibh mar aon leis na huirlisí a dteastaíonn uathu chun a c(h)éad dráma iomlán a scríobh.

Beidh sé mar chuspóir i ngach seisiún, a mhairfidh dhá uair an chloig go leith, rannpháirtithe a thumadh i gceardaíocht na scríbhneoireachta drámaí. Beidh gach seisiún faoi stiúir an scríbhneora agus an taibheora, Jody O’Neill, a threoróidh na rannpháirtihe agus iad ag tochailt isteach i gcroíghnéithe na scríbhneoireachta drámaí, amhail carachtar a scríobh, dialóg bhríomhar a chruthú, struchtúir agus brí, agus comhoibriú. Ag deireadh an ghrúpa, tabharfar cuireadh do rannpháirtithe dráma a roinnt le foireann an tSaothair Nua chun aiseolas mionsonraithe agus treoir a fháil maidir lena ndrámaí a fhorbairt níos mó.

Ní bheidh costas ar bith i gceist le freastal ar na ceardlanna agus reáchtálfar go fíorúil iad maidineacha Dé Sathairn ag tosú Dé Sathairn, an 14 Lúnasa, agus ag dul ar aghaidh go dtí an 25 Meán Fómhair, 2021. Tar éis sos cheithre seachtaine, tabharfar cuireadh do rannpháirtithe freastal ar an seisiún deiridh i bpearsa (má cheadaíonn na srianta) ar an Satharn, an 23 Deireadh Fómhair, 2021, i mBaile Átha Cliath. Beidh liúntais taistil ar fáil don seisiún deiridh do scríbhneoirí a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Osclófar an próiseas iarratais ar Abbey Begins ar an gCéadaoin, an 30 Meitheamh, 2021, agus beidh deireadh leis ar an Aoine, an 23 Iúil, 2021. Chun iarratas a chur isteach, ní mór duit foirm ghearr ar líne a líonadh anseo agus 10 leathanach de shaothar atá scríofa agat le haghaidh taibhléiriú beo a sheoladh chuig abbeybegins@abbeytheatre.ie. San fhoirm ar líne teastaíonn uainn beagáinín a fháil amach maidir leis an bhfáth a bhfuil iarratas á chur isteach agat agus cad a theastaíonn uait a bhaint amach as an ngrúpa seo. Maidir leis na 10 leathanach a roinneann tú leis an bhfoirm chomhlánaithe, ní gá gur léiríodh ná gur cuireadh ar ardán iad, nó go mbeidís léite ag duine ar bith ach tú féin fiú – déanta na fírinne, d’fhéadfaí iad a scríobh anois don iarratas seo.  Níl ann ach go dteastaíonn uainn tuiscint a fháil ar do ghlór uathúil féin agus cad a theastaíonn uait a rá leis. Tá suim ar leith againn in iarratais ó scríbhneoirí as pobail a raibh tearcionadaíocht acu in amharclannaíocht na hÉireann san am a chuaigh thart.

Déanfar teagmháil leis na scríbhneoirí a roghnófar chun páirt a ghlacadh in Abbey Begins faoi Dé Luain, an 9 Lúnasa.  Má tá ceist ar bith agat faoin ngrúpa nó faoin bpróiseas iarratais, déan teagmháil linn ag abbeybegins@abbeytheatre.ie. Táimid ar bís le cloisteáil uait.

Jody O’Neill 

Is scríbhneoir agus taibheoir uathach é Jody a bhfuil duaiseanna buaite aici, agus a bhfuil breis agus fiche bliain de thaithí aici in earnálacha na hamharclannaíochta, na scannánaíochta agus na teilifíse in Éirinn agus thar lear. Fuair a dráma, What I (Don’t) Know About Autism, ardmholadh ó léirmheastóirí nuair a cuireadh ar an ardán den chéad uair é in 2020 i gcomhléiriú le hAmharclann na Mainistreach, agus i gcomhar le The Everyman (Corcaigh) agus Ionad Ealaíon Chontae Chill Mhantáin, Mermaid. Cuirfear ar an ardán arís é i dtreo dheireadh 2021 le haghaidh taibhléirithe beo agus sruthaithe. Arna mhaoiniú ag tionscadal Futures de chuid Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, tá tionscadal á fhorbairt aici faoi láthair dar teideal Seaside Conversations, ag obair le húsáideoirí seirbhísí mhíchumais chun a n-eispéiris sa phaindéim a fhiosrú. Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, tá taighde á dhéanamh aici agus tá dráma nua á fhorbairt aici maidir le huathachas na mban. Tá sí ag obair ar choimisiún freisin, what the telly saw, le haghaidh Ionad Ealaíon Chontae Chill Mhantáin, Mermaid, agus chríochnaigh sí dráma le déanaí maidir le Ceartas Aeráide, Fail, an Epic or An Epic Fail le haghaidh Youth Theatre Ireland. In 2019, fuair Jody Gradam na Moltóirí ag Gradaim Bruntwood RA dá dráma, Ballybaile. Cuireadh ar an ngearrliosta í do Ghradam Dráma Raidió PJ O’Connor freisin. Mar scríbhneoir agus/nó taibheoir, d’oibrigh Jody le mórán de chompántais amharclannaíochta na hÉireann lena n-áirítear: Amharclann na Mainistreach, Rough Magic, Fishamble, Anu Productions, Graffiti, Team, Barnstorm agus níos mó. Tá cónaí uirthi i gCill Mhantáin lena páirtí agus a mac.