Seo é an rud atáimid a iarraidh oraibh. 

Scríobh litir.

Tosaigh uirthi mar seo, “A Éire Dhil”, agus labhair leis an náisiún faoi na nithe is mó ar cheart dó plé a dhéanamh orthu, bíodh sin do chuid smaointe faoi Covid-19 nó Tábhacht Shaol na nDaoine Gorma, cúrsaí tithíochta nó an geilleagar, nó rud éagsúil eile ar fad. Fútsa atá an rogha.

Roghnóimid na litreacha is mó, dar linn, a léiríonn na mianta iomadúla éagsúla, na heispéiris éagsúla agus na dúshláin éagsúla atá le sárú ag Éirinn ag an tráth seo. Gach litir a roghnaímid déanfaidh duine de phríomhaisteoirí na hÉireann í a léamh beo ar Stáitse na Mainistreach agus craolfar í ar fud an domhain mar chuid den chéad chéim eile dár gcomhrá ‘A Éire Dhil’.

Trí do litir iontrála a sheoladh isteach, comhaontaíonn tú, sa chás go roghnófar í, go bhféadfar í a thaibhiú mar chuid de ‘A Éire Dhil’ agus  á craoladh ar líne agus a úsáid i dtaca le margaíocht, cumarsáid agus poiblíocht atá gaolmhar.

Ní ghlacaimid ach le haon iontráil amháin ó aon duine ar leith.

Caomhnófar cóip dhigiteach de do litir i gCartlann Amharclann na Mainistreach.

Breithneofar na litreacha ar fad tar éis an sprioclae (Dé Domhnaigh,28 Meitheamh). Beimid i dteagmháil le gach duine a chuir litir ar aghaidh tráth éigin i mí Iúil.