The English language version is available here.
D’fhógair Amharclann na Mainistreach léiriúchán comórtha céad bliain ar The Plough and the Stars le Sean O’Casey, léiriúchán comórtha 110 bliain ar The Whiteheaded Boy le Lennox Robinson agus trí chéad léiriú domhanda de shaothar úrnua le Marina Carr, Frank McGuinness agus Úna McKevitt, i séasúr ina mbeidh imeachtaí stairiúla na hÉireann fite fuaite i scoth na ceapadóireachta drámaí comhaimseartha. Chuir Stiúrthóir Ealaíne Amharclann na Mainistreach, Caitríona McLaughlin, an clár le chéile agus saothair atá thar a bheith polaitiúil atá sna ceisteanna pearsanta ina bhfiosraítear an cur in aghaidh ar leibhéal an duine aonair, an teaghlaigh agus na sochaí.
Stiúrfaidh Tom Creed The Plough and the Stars le Sean O’Casey (Dé hAoine, an 27 Feabhra – Déardaoin, an 30 Aibreán), ‘seoid i gcoróin amharclannaíocht na hÉireann’, de réir McLaughlin, ar Stáitse Amharclann na Mainistreach, a chuirfear ar siúl arís chun 100 bliain a chomóradh óna chéad léiriúchán ag Amharclann náisiúnta na hÉireann an 8 Feabhra 1926. Sárshaothar amharclannaíocht na hÉireann atá ann ina gcuirtear meonta i leith Éirí Amach na Cásca a thagann in adharca a chéile i láthair in árasán tionóntáin i mBaile Átha Cliath de réir mar a bhriseann an foréigean amach ar fud na cathrach. Léireofar The Whiteheaded Boy le Lennox Robinson ina dhiaidh sin (Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh – Dé Sathairn, an 18 Iúil), a stiúrfaidh Annie Ryan. Léireofar é 110 bliain i ndiaidh an chéad uair a cuireadh ar stáitse é, is leagan ceanndána nua é seo ina dtugtar spléachadh ar an am atá caite, agus a athshamhlaíodh do thráth déanach san fhichiú haois. Déantar beag is fiú sa scéal grinn seo faoi dhuine óg ag fás aníos a bhfuil fís láidir aige dá saol féin agus aghaidh á thabhairt aige ar an dúshlán a bhaineann leis an méid atá a mhuintir ag súil leis a shásamh.
Tá Mirandolina (Dé hAoine, an 28 Lúnasa – Dé Sathairn, an 5 Meán Fómhair), scríofa ag Marina Carr ó La Locandiera ag Carlo Goldoni, aistrithe ag Monica Capuani, agus á stiúradh ag Caitríona McLaughlin, agus comhléiriúchán Amharclann na Mainistreach, Teatro Stabile del Veneto Teatro Nazionale san Iodáil agus Amharclann Náisiúnta na Cróite, HNK Rijeka atá ann a léireofar an chéad uair ar domhan. Dírítear ann ar bhean Iodálach atá thar a bheith neamhspleách i mBaile Átha Cliath a théann sa bhearna bhaoil agus í thíos le heaspa dínite agus ceannas an tseobhaineachais phatrarcaigh. Cuirfear ar stáitse in Éirinn é i ndiaidh turais san Iodáil agus sa Chróit, agus beidh sé mar chuid de chlár cultúrtha Chluichí Oilimpeacha Geimhridh Milano Cortina 2026. Tá sé mar chuid freisin de chlár cultúrtha Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Tosófar an séasúr ar Stáitse na Péacóige leis an gcéad léiriú ar domhan de Fair Deal (Dé Céadaoin, an 11 Feabhra – Dé Sathairn, an 28 Márta), a scríobh Úna McKevitt agus atá á stiúradh Conall Morrison. Dráma nua é seo atá dorcha, aisteach agus spraíúil ina dtugtar faoi deara conas mar a théann gnéas, teidlíocht teaghlaigh agus polaitíocht an chúraim i bhfeidhm ar bhruachbhaile suaimhneach i mBaile Átha Cliath. Cuirfear an chéad léiriú ar domhan de Do You Come From Gomorrah? ar stáitse ina dhiaidh. (Dé hAoine, an 10 Aibreán – Dé Sathairn, an 9 Bealtaine). Dráma nua é seo a scríobh Frank McGuiness agus a stiúir Sarah Baxter, atá ina stiúrthóir den chéad uair ag Amharclann na Mainistreach. Caitear súil fhírinneach ann ar an saol atá ag fear óg aerach, ar an ngrá agus an foréigean a mhúnlaigh é, agus ar fhuinneamh an nirt a spreagann chun cinn é agus a aghaidh á tabhairt aige ar an bpolaitíocht ghnéasach agus sheicteach, agus ar a mhianta gan sásamh.
Dúirt Comhstiúrthóir Amharclann na Mainistreach, Caitríona McLaughlin, agus í ag caint faoin dráma: “Meabhraíonn an amharclannaíocht dúinn nach i gceannlínte ná i staitisticí faoi infheistíocht eachtrach ná in airgeadas poiblí amháin a thomhaistear gaisce náisiúnta – caithfear í a léiriú i saol gnáthdhaoine. Téitear i ngleic leis an neamhionannas, déantar ábhar grinn de sheafóid ár linne, agus samhlaítear sochaí níos cothroime agus níos ceangailte sna drámaí atá á bhfógairt againn don chéad séasúr in 2026.
“Déantar ceiliúradh sa séasúr ar scríbhneoirí a leanann le hiarracht a dhéanamh an t-ionracas, an misneach agus an chastacht a bhaint amach in amharclannaíocht na hÉireann. Meabhraíonn Marina Carr, Frank McGuinness agus Úna McKevitt dúinn gur minic gur fearr déileáil leis na ceisteanna pearsanta agus polaitiúla is deacra trí cheistiú agus greann neamhleithscéalach. Dírítear caol díreach in Fair Deal le McKevitt ar fhírinne na taithí saoil; scrúdaíonn McGuinness féiniúlacht agus cumhacht le híoróin ghéar ghraí in Do You Come From Gomorrah?; cáineann O’Casey cur i gcéill polaitiúil trí shoiléireacht ghreannmhar gan eagla in The Plough and the Stars; Cuireann Carr gnéithe níos dorcha de riachtanas an duine in iúl dúinn; agus tugann Robinson brúnna teaghlaigh agus sochaíocha chun solais ar bhealach greannmhar a théann i bhfeidhm go pearsanta orainn. Taispeánann siad gur féidir leis an amharclannaíocht dúshlán fíochmhar a chur romhainn – agus sinn a chur ag gáire san am céanna fad a fhiosraímid cé sinn féin.
“Ag tráth ina mbíonn an nuacht líon lán le daoine atá ag cuardach fothana agus dínite, tá freagracht ar an amharclannaíocht an domhan ina mairimid a chur i láthair – agus rud éigin níos fearr a shamhlú. Idir easpa dídine agus neamhchinnteacht a chothú, agus foréigean inscnebhunaithe, agus neamhionannas geilleagrach agus deighilt pholaitiúil, ní mór an réadúlacht sin a léiriú ar ár stáitse.”
Tá ticéid do Fair Deal, The Plough and the Stars, Do You Come From Gomorrah?, The Whiteheaded Boy agus Mirandolina ar díol anois.
Tugann Amharclann na Mainistreach aitheantas, le buíochas, don tacaíocht a thug
An Chomhairle Ealaíon
An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt
